fbpx Skip to content

August 23rd, 2012: Press Release, Fulbright Awards Open to Applicants

Fulbright Awards Open to Applicants

  • Funding available for postgraduate study and research across ALL DISCIPLINES in the USA
  • Funding to teach Irish language in the USA
  • Awards competition runs until November 14th 2012

 

daniel forde daniel ryan and eina mchugh with mosaic at the ark 3

August 23rd 2012: The Fulbright Commission in Ireland will officially open to applicants on Friday, the 24th of August 2012. The 2013 – 2014 competition for the Fulbright Awards include a monetary grant for post-graduate students, scholars, and professionals to travel to the US to lecture, research, and study for a maximum period of one year.  Further information about the application process is available on www.fulbright.ie.

All applications must be received by 3:00 p.m. in hard copy and online on 14th November 2012.

 

The following three types of awards are on offer:

  1. Fulbright Student Awards: For up to one academic year for postgraduate study or research in the United States in any discipline, including the arts. Grants are a maximum of $20,000. Applicants may stay to complete their academic program if it is longer than one year.
  2. Fulbright Scholar and Professional Awards: Grants available for up to €35,000 (Irish Language) and $20,000 (General Awards) for academics and professionals with more than five years’ experience to research and/or lecture in the US, lasting between and three and twelve months.
  3. Fulbright Foreign Language Teaching Assistantship (FLTA) Awards: Ten-month Awards for Irish language teachers to refine their teaching skills in the US by teaching at a US college and taking classes at a post-graduate level. Grants are available for approximately €20,000.

There are a number of sponsored awards for students and scholars in specific disciplines, including:

  • Fulbright-Environmental Protection Agency Award in Water, Climate Change, and Sustainable Environment (Student and Scholar)
  • Fulbright-Marine Institute Award on Any Marine Science/Business Topic (Student and Scholar)
  • Fulbright-Enterprise Ireland Award in Innovation (Student Only)
  • Fulbright-Teagasc Award in Agriculture, Food, and Forestry (Student Only)
  • Fulbright-University of Notre Dame LL.M. in International Human Rights Law (50% tuition waiver) (Student Only)

Speaking at the launch, Ms. Una Halligan, Chairperson of the Fulbright Commission in Ireland, said,

“Year after year, the Fulbright Awards attract Ireland’s top researchers, professionals, and graduates. I have no doubt that this year will be the same. The Irish Fulbright Awards offer winners the opportunity to study, research, and build relationships in the United States. The Fulbrighters gain invaluable experience that they can share upon their return to Ireland that will set them apart in their fields. I would encourage any interested applicants to visit our website for more information.”

The Fulbright Awards are presented on an annual basis to Irish students, scholars, and professionals to undertake postgraduate study and research at higher education, cultural, and related institutions in the United States. In 2012 there was a record-breaking 37 Irish Awardees.

Applications are encouraged in all disciplines.

 

ENDS

 

For further information, please contact:

Joanne A. Davidson

Communications and Information Officer, Fulbright Commission Ireland

joanne.davidson@fulbright.ie

01.660.7670 / 087.258.1417

 

23 Lúnasa 2012: Tá Dámhachtainí Fulbright oscailte anois d’Iarrthóirí go dtí an 14 de Mhí na Samhna

23 Lúnasa, 2012: D’oscail Coimisiún Fulbright an comórtas Dé hAoine (24.08.12) do Dhámhachtainí Fulbright 2013-2014 a thairgeann deontais do mhic léinn iarchéime, scoláirí agus daoine gairmiúla chun dul go dtí na Stáit Aontaithe le dul i mbun léachtóireachta, taighde nó staidéir ar feadh bliana. Anuas air seo, cuirtear réimse clár ar siúl do na buaiteoirí in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe agus faigheann siad árachas agus víosa J-1. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.fulbright.ie

Caithfidh cóip chrua chomh maith le cóip leictreonach de gach iarratas a bheith istigh faoi 3.00 i.n. 14 Samhain 2012.

trí chineál dámhachtana ar fáil:

  1. Dámhachtainí Fulbright do Mhic Léinn : Suas go bliain acadúil de staidéar iarchéime nó taighde sna Stáit Aontaithe in aon réimse, na dána san áireamh. Baineann uasmhéid $20,000 leis na deontais. Is féidir le hiarrthóirí fanacht chun a gclár acadúil a chríochnú má tá sé níos faide ná bliain amháin.
  2. Dámhachtainí Fulbright do Scoláirí agus Daoine Gairmiúla :Tá deontais ar fáil, suas go €35,000 (An Ghaeilge) agus $20,000 (Dámhachtainí Ginearálta), don lucht léinn agus do dhaoine gairmiúla, le níos mó ná cúig bliana de thaithí, chun dul i mbun taighde agus/nó léachtóireachta sna Stáit Aontaithe ar feadh tréimhse idir trí mhí agus dhá mhí dhéag.
  3. Dámhachtainí Fulbright um Chúntóireachtaí Múinteoireachta i dTeangacha Iasachta (FLTA) :Is Dámhachtainí de thréimhse deich mí iad seo do mhúinteoirí Gaeilge chun deis a thabhairt dóibh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta tríd a bheith ag múineadh in ollscoil sna Stáit Aontaithe chomh maith le ranganna iarchéime a thógáil.

Tá roinnt dámhachtainí urraithe ar fáil do mhic léinn agus do scoláirí i réimsí ar leith. Ina measc tá:

  • Dámhachtain Fulbright – an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in Uisce, Athrú Aeráide agus Comhshaol Inbhuanaithe (Mac léinn agus Scoláire)
  • Dámhachtain Fulbright – Foras na Mara in aon topaic a bhaineann le hEolaíocht / Gnó na Mara (Mac léinn agus Scoláire)
  • Dámhachtain Fulbright – Fiontraíocht Éireann sa Nuálaíocht (Mac léinn amháin)
  • Dámhachtain Fulbright –Teagasc i dTalmhaíocht, Bia, agus Foraoiseacht (Mac Léinn amháin)
  • L.L.M ó Fulbright – Ollscoil Notre Dame sa Dlí Idirnáisiúnta um Chearta Daonna (50% de na táillí teagaisc íoctha) (Mac léinn amháin)

Ag labhairt ag an seoladh, dúirt Una Halligan, Cathaoirleach ar Choimisiún Fulbright in Éirinn, “Bliain i ndiaidh bliana, cuireann na taighdeoirí, na daoine gairmiúla agus na hiarchéimithe is fearr in Éirinn isteach ar Dhámhachtainí Fulbright. Níl aon amhras ach go mbeidh an bhliain seo mar an gcéanna. Tugann Dámhachtainí Fulbright na hÉireann deis do na buaiteoirí staidéar agus taighde a dhéanamh chomh maith le caidrimh a chruthú sna Stáit Aontaithe. Faigheann lucht Fulbright taithí fíorluachmhar ar féidir leo a roinnt le daoine eile nuair a thagann siad ar ais agus a thugann buntáiste dóibh sna réimsí éagsúla ina bhfuil siad. Mholfainn d’aon duine a bhfuil spéis acu sna Dámhachtainí féachaint ar ár suíomh chun tuilleadh eolais a fháil”.

Bronntar Dámhachtainí Fulbright gach bliain ar mhic léinn, scoláirí agus ar dhaoine gairmiúla chun dul i mbun staidéar iarchéime agus taighde in institiúidí tríú leibhéil, cultúrtha agus institiúidí eile nach iad sna Stáit Aontaithe. Sa bhliain 2012, bronnadh dámhachtainí ar 37 duine in Éirinn – an méid is mó riamh.

Moltar do dhaoine cur isteach ar na réimsí ar fad.

Deireadh

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Joanne A. Davidson, Oifigeach Cumarsáide agus Eolais, Coimisiún Fulbright na hÉireann

joanne.davidson@fulbright.ie

01.660.7670 / 087.258.1417

Skip to content