fbpx Skip to content

January 11th, 2011: Ó Thiobraid Árann go Notre Dame – Go Irish

The Irish Times – Tuesday, January 11, 2011MARIE DARMODYBEOCHEIST: IS MINIC a chloistear gur fada an turas é go Tiobraid Árann, rud atá fíor agus tú lonnaithe in Ollscoil Notre Dame in Indiana. Is beag duine a fhaigheann an deis brionglóid a chomhlíonadh sa bhaile gan trácht ar í a chomhlíonadh thar sáile.Níor cheap mise riamh agus mé ag fás aníos i gCluain Meala go bhfaighinn an deis a bheith ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil chomh cáiliúil agus chomh clúiteach sin le Notre Dame. Tuigim anois gur iomaí cor atá sa saol agus is casadh é seo nach ndéanfaidh mise dearmad go deo air.Is cuimhin liom go soiléir an lá cinniúnach anuraidh. Bhí mé ag siúl ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nuair a chonaic mé an fógra do dhámhachtainí Fulbright ar crochadh ar an mballa. Stop mé. D’fhéach mé air. D’éirigh corraí ionam. Meas tú an é seo mo thriail? Tar éis a bheith ag staidéar na Gaeilge san ollscoil ar feadh sé bliana, bhí sé in am dom mo ghrá don teanga a roinnt le daoine eile ach an cheist mhór a bhí ann ná cé a bheadh mar lucht éisteachta agam – mic léinn na hÉireann nó mic léinn Mheiriceá?

Ar an 10ú lá de mhí Lúnasa anuraidh, d’fhág mé slán le mo theaghlach agus le mo líonra iontach cairde agus thug mé faoin dúshlán ba mhó ar thug mé faoi riamh go dtí sin: bhog mé go Meiriceá.

Níorbh ionann tírdhreach Indiana agus tírdhreach na hÉireann; níorbh ionann blas cainte na ndaoine áitiúla agus blas na nÉireannach; níorbh ionann an aimsir agus aimsir na hÉireann, ach in ainneoin na nithe seo ar fad, chonacthas dom láithreach nach raibh mé i bhfad ón mbaile in aon chor.

Nach raibh mé i mbaile na Fighting Irish ag deireadh an lae? A lucht leanúna ag siúl thart i léinte glasa le “Go Irish” scríofa orthu agus staid mhór mhillteach ann cosúil le Páirc an Chrócaigh ach í i lár champas Notre Dame.

Ba dheacair dom cultúr pheil Notre Dame a thuiscint ag an tús go dtí gur chuir mé méid agus tábhacht na gcluichí i gcomparáid leis na cluichí iománaíochta agus peile sa bhaile a fhágann faoi dhraíocht go minic mé.

Ba bheag nár briseadh mo chroí nuair a chuala mé nach mbeadh teacht agam i gceantar Notre Dame ar cheann de na hócáidí spóirt is mó tábhacht i bhféilire spóirt na hÉireann – cluiche ceannais na hiománaíochta.

Bean ó Thiobraid Árann gan a bheith in ann féachaint ar dhara hiarracht Thiobraid Árann chun na cait a chur faoi chois – bhí réiteach na faidhbe seo ag teastáil gan mhoill agus gan mhoill a tháinig sé nuair a fuair mé amach faoi theach tábhairne, Fadó, i lár chathair Chicago. Bhí sé ar nós a bheith i mo shuí in Ardán Uí Chíosóig ach amháin gur muintir Chill Chainnigh a bhí timpeall orm den chuid is mó agus é gan a bheith ach a naoi a chlog ar maidin.

Bhí mo chroí i mo bhéal. Gliondar, bród agus teannas in aon sruth amháin. An dtiocfadh an deireadh go deo? Shéid an réiteoir an fheadóg. Bhí an beart déanta againn. Ní fhéadfainn é a shamhlú. B’iontach an lá dom a bheith beo agus ba mhilse mo ghloine Guinness an tráthnóna sin ná riamh roimhe. Chabhraigh an ócáid sin liom socrú síos san áit ach ní raibh mórán cabhrach ag teastáil dáiríre agus an áit chomh hÉireannach sin cheana féin.

Cloisim an méid sin Gaeilge agus mé ag obair gach lá go gcaithfidh mé a chur i gcuimhne dom féin uaireanta gur i lár-iarthar Mheiriceá atá mé agus ní i nGaeltacht na hÉireann.

Áit den scoth is ea Notre Dame ó thaobh theanga na Gaeilge agus léann na hÉireann go ginearálta. Is mór an tsuim atá ag na mic léinn i dteanga na Gaeilge agus i gcultúr na hÉireann agus cuirtear rogha leathan cúrsaí ar fáil dóibh idir chúrsaí teanga agus chúrsaí litríochta.

Tá foireann iontach léachtóirí ag obair i Roinn na Gaeilge agus in Institiúid Léinn Keough-Naughton, foireann a raibh an t-ollamh mór le rá, Breandán Ó Buachalla, mar chuid di nuair a bhí sé fós linn. Bheadh sé an-bhródúil as an bhforbairt agus as an dul chun cinn leanúnach atá le feiscint i Notre Dame.

Is mór an moladh atá tuillte ag gach éinne atá ag saothrú chun freastal ar na Meiriceánaigh a dtéann a bhfréamhacha i bhfad siar go hOileán na Naomh agus na nOllamh. Is cinnte go raibh turais fhada dhúshlánacha le déanamh ag gaolta na ndaoine sin na blianta blianta ó shin agus b’fhéidir má chuirim mo chás féin i gcomparáid leo siúd, nach chomh fada sin a thuilleadh an turas go Tiobraid Árann i ndáiríre.

Subscribe to our Mailing List

Follow Us

button-facebooktwitterflickr
Skip to content