fbpx Skip to content

Dámhachtainí bronnta ar 9 duine as Meiriceá Thuaidh chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i gContae na Gaillimhe

Preas Ráiteas
Le hEisiúint Láithreach

19 Iúil 2016: Bronnadh gradaim ar sheachtar foghlaimeoirí Gaeilge as na Stáit Aontaithe agus beirt as Ceanada in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara inné.

San iomlán, cuirfear fáilte roimh 62 saoránach de chuid na Stáit Aontaithe agus 18 as Ceanada chuig an nGaeltacht a bhuíochas do na Dámhachtainí seo in 2016. Tá na dámhachtainí á mbronnadh mar thoradh ar  chomhoibriú leanúnach atá cothaithe idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Coimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil [Fulbright] agus FOÉC, agus comhpháirtíocht le hinstitiúidí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada araon, agus léiríonn siad an tsuim mhór atá ag daoine i Meiriceá Thuaidh sa Ghaeilge mar, gach bliain, roghnaíonn líon mór foghlaimeoirí Gaeilge freastal ar chúrsaí in OÉ Gaillimh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ionaid eile.

Fulbright award recipients with Minister of State for Gaeltacht Affairs, Sean Kyne, third from right. From far left is Paula Melvin, Fulbright, Brid Breathnach and Dr Aodhán Mac Cormaic, Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht and, fifth from right, Dr Dara Fitzgerald, Fulbright.

Bronnadh Dámhachtainí freisin ar cheathrar Teagascóirí Gaeilge leis an Ghaeilge a theagasc i gCeanada in 2016-2017 trí na Gradaim FOÉC do Theagascóirí Gaeilge. Beidh seachtar teagascóirí san iomlán ag baint leasa as na Gradaim seo. Mar an gcéanna, rachaidh naonúr Múinteoirí Gaeilge go dtí na Stáit Aontaithe san fhómhar a bhuíochas do Dhámhachtainí Fulbright do Chúntóirí Teagaisc i dTeangacha Iasachta (FLTA).

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltactha agus Acmhainní Daonna, Seán Kyne T.D.: “Comghairdeas leis na Dámhachtaithe go léir agus lena gcuid múinteoirí i Meiriceá Thuaidh as a n-iarrachtaí i dtaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Tá súil againn go dtiocfaidh bláth ar an ngrá atá agaibh don Ghaeilge le linn bhur seala anseo agus go leanfaidh sibh ar aghaidh ag cothú na teanga nuair a fhilleann sibh ar an mbaile.”

Ag labhairt faoi na gradaim, dúirt Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÉireann, Kevin O’Malley “Tacaíonn na gradaim seo le foghlaimeoirí agus múinteoirí Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus cuirtear eispéiris iontacha tumoideachais i bhfoghlaim na Gaeilge ar fáil leo, chomh maith le ceol Gaelach agus scéalaíocht, i gcuid de na háiteanna is áille in Éirinn. Is iontach an rud é Dámhachtaithe a fheiceáil ón líon mór Stát seo. Tá mé cinnte go mbainfidh siad leas mór as an nGradam agus go n-inseoidh siad do mhórán daoine sa bhaile faoin eispéireas a bhí acu.”

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Choimisiún [Fulbright] na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil, an Dr Dara FitzGerald, “Cuirimid fáilte i mbliana roimh 62 saoránach de chuid na Stát Aontaithe, as Vermont, Connecticut, Nua Eabhrac, New Jersey, Washington D.C., Michigan, Wisconsin, California, Dallas, Missouri agus North Carolina. Tá cúlraí iléagsúla ag na Dámhachtaithe seo – is mic léinn an Léinn Cheiltigh cuid acu, is múinteoirí, aisteoirí, filí agus scríbhneoirí cuid eile. Cé go bhfuil oidhreacht Ghaelach ag cuid acu, chuir roinnt eile díobh suim sa Ghaeilge go simplí mar theanga iasachta, rud atá ag éirí coitianta. Beidh siad ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta in Oideas Gael i nDún na nGall, FEICIM ar Inis Oírr, Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta OÉ Gaillimh, An Cheathrú Rua, Coláiste na Rinne, Port Láirge, agus Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.  Tá an-áthas orainn faoin rath atá ar an gclár seo.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach FOÉC, James Kelly “Tá cultúr agus oidhreacht shaibhir chomhroinnte ag Éirinn agus Ceanada, agus tá 4.5 milliún duine i gCeanada atá in ann a rá gur as Éirinn a tháinig a sinsir. Tá lúcháir orainn fáilte a chur i mbliana roimh Ollscoil Prince Edward Island mar ollscoil chomhpháirtíochta i gCeanada, rud a fhágann go mbeidh seachtar Teagascóirí Gaeilge ag tabhairt an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann chuig ollscoileanna agus pobail ar fud Cheanada sa bhliain acadúil amach romhainn. Chomh maith leis sin, tá 18 scoláireacht bronnta againn ar mhic léinn as Ceanada chun freastal ar dhianchúrsaí Gaeilge anseo sa Ghaeltacht. Is eispéireas iontach agus múnlaitheach do mhic léinn na hÉireann agus Cheanada araon é an clár seo ó tharla go dtugann sé deis do ghlúin nua tuiscint níos fearr a fháil ar an nasc idir an dá thír, agus cur leis an nasc sin ag an am céanna.

Cuirfear tús leis an tréimhse iarratais do Ghradaim Shamhraidh Ghaeltachta 2017 i mí Eanáir 2017. Má tá suim agat iarratas a chur isteach féach https://www.fulbright.ie/gaeltacht-summer-award – déanfar dátaí beachta iarratais a dhearbhú sna míonna amach.

Nótaí don Eagarthóir:
Ní Dámhachtainí Fulbright iad na Dámhachtainí Samhraidh Gaeltachta ach tionscnamh ar leith de chuid Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Coimisiún Fulbright). Tacaíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Rialtas na hÉireann agus an Crannchur Náisiúnta leo.

Grianghraif: Sheán Ó Mainnín

Ceisteanna ó na meáin:
An Phreasoifig
Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (díreach)
Ríomhphost: press.office@ahg.gov.ie
Suíomh Gréasáin: www.ahg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

Gradaim Shamhraidh Ghaeltachta 2016

Is mac léinn fochéime le Stair, Oideachas agus an Léann Éireannach é Kevin Corcoran i gColáiste Elms, Massachusetts. Dá Ghradam Samhraidh Gaeltachta tabharfaidh sé faoi chúrsa Gaeilge i Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta OÉ Gaillimh.

Is fochéimí é Matthew Doyle i Scoil an Léinn Ghinearálta in Ollscoil Columbia i gCathair Nua Eabhrac agus rinne sé staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac sa Glucksman Ireland House. Is í an Eolaíocht Pholaitiúil atá mar phríomhábhar staidéir aige, ina mbeidh sé ag díriú ar Pholaitíocht Mheiriceá, agus tá sé beartaithe aige freastal ar scoil dlí nuair a bheidh a chéim bainte amach aige. Dá Ghradam Samhraidh Gaeltachta tabharfaidh sé faoi chúrsa Gaeilge i Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta OÉ Gaillimh.

Is mac léinn fochéime in Ollscoil California, Berkeley é Brennan Fahselt atá ag déanamh staidéir ar an Innealtóireacht Shibhialta mar phríomhábhar agus an Léann Ceilteach mar mhionábhar. Cuirfidh sé a Ghradam Samhraidh Gaeltachta i gcrích in Ollscoil na hÉireann Gaillimh sa Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta ar an gCeathrú Rua.

Is fochéimí é Brendan Murphy i gColáiste Manhattan, Cathair Nua Eabhrac agus tá sé ag déanamh staidéir ar Rialtas agus Litríocht. Dá Ghradam Samhraidh Gaeltachta tabharfaidh sé faoi chúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ar an gCeathrú Rua.

Is múinteoir teanga pobail, gníomhaí ar son teangacha agus stiúrthóir cúnta sa Lárionad Éireannach i gcathair Kansas, MISSOURI í Renata Rua. Tá céim BA aici sa Léann Ceilteach ó Ollscoil California, Berkeley agus M.Phil sa tSean-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Dá Gradam Samhraidh Gaeltachta tabharfaidh sí faoi chúrsa Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh ar an gCeathrú Rua.

Is céimí de chuid Ollscoil Notre Dame é Davis Sandefur, áit ina raibh fisic mar phríomhábhar aige agus Teanga agus Litríocht na Gaeilge mar mhionábhar. Sa bhliain acadúil atá romhainn, beidh sé ag déanamh staidéir ar an Nua-Gaeilge in Ollscoil na hÉireann mar dhámhachtaí Fulbright. Cuirfidh sé a Ghradam Samhraidh Gaeltachta i gcrích in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Is Déan Cúnta agus Ceann Roinn na dTeangacha Domhanda in Ollscoil Oirthear Michigan í Rosemary Weston PhD agus, i gcomhar le Cumann Ceoil Ghaelaigh Detroit, tá sí ag forbairt an t-aon clár ollscoile Gaeilge i Michigan. Tabharfaidh sí faoina Gradam Samhraidh Gaeltachta in OÉ Gaillimh ar an gCeathrú Rua.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gcuairt ar an nGaeltacht féach: https://www.fulbright.ie/gaeltacht-summer-awardees

DÁMHACHTAITHE FONDÚIREACHT OLLSCOIL ÉIREANN CHEANADA

Lucht Léinn Cheanada 2016

Déanann Rachel Hoffman staidéar ar an antraipeolaíocht agus an Léann Éireannach- Ceanadach in Ollscoil Concordia, i Montréal, Quebec. Is déantóir scannán í freisin, lena gcíorann sí na naisc stairiúla idir an Ghaeilge in Quebec san am a chuaigh thart agus an áit mar atá inniu ann. Seo an dara huair do Rachel tabhairt faoi chúrsa san Acadamh.

Is as Saskatoon, Saskatchewan do Terry McBride agus is pleanálaí airgeadais é. Le trí bliana anuas tá Terry ag freastal ar ranganna Gaeilge a chuireann an Craobh Claddagh de Chomhaltas ar fáil in Saskatoon. Chuaigh a sheantuismitheoirí ar imirce ó Dhún na nGall go Ceanada thart ar 100 bliain ó shin.

Teagascóirí Gaeilge ceaptha chun Gaeilge a theagasc i gCeanada 2016-2017

Is as Trá Lí, Contae Chiarraí do John Prendergast agus tá sé díreach i ndiaidh filleadh tar éis bliain a chaitheamh in Ollscoil Caerdydd, áit ar thug sé faoi MA sa Bhreatnais agus sa Léann Ceilteach. Theagasc sé Gaeilge ann freisin. Is é John a bheidh mar Theagascóir Gaeilge ICUF in Ollscoil Naomh Muire Halifax.

Bhain Ian Mac Gabhann céim BA amach i Staidéar ar na Meáin, an Nua-Ghaeilge agus Ceol in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus tá MA sa Chumarsáid trí Ghaeilge aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh Ian ina Theagascóir Gaeilge ICUF in Ollscoil Naomh Tomás, New Brunswick.

Is as Baile Átha Buí, Contae na Mí d’Éilis Nic Aodhagáin. Tá BA Idirnáisiúnta aici sa Spáinnis agus sa Ghaeilge agus MA sa Nua-Ghaeilge ó UCD. Theagasc sí Gaeilge i nGaelchultúr, UCD agus in Ollscoil Montana. Is í a bheidh mar Theagascóir Gaeilge ICUF in Ollscoil Toronto.

Is as ceantar Chorca Dhuibhne i gCiarraí d’Eoin Mac Gearailt. Bhain sé céim BA amach in 2012 ó Choláiste Mhuire Gan Smál agus le déanaí chuir sé MA san Oideachas Lán-Ghaeilge i gcrích sa choláiste céanna. Beidh Eoin ina Theagascóir Gaeilge ICUF in Ollscoil Memorial, Talamh an Éisc.

Beidh na daoine seo a leanas ag taisteal go Ceanada, ach níl siad in ann freastal ar an searmanas:

Is as ceantar Chorca Dhuibhne i gCiarraí d’Eoin Ó Beaglaoich, agus is teagascóir Gaeilge é ó bhí 2008 ann. Tá sé ag teagasc in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad le cúig bliana anuas. Is é Eoin an Teagascóir Gaeilge in Ollscoil Prince Edward Island.

Is as Baile Átha Cliath do Shiobhán Ní Mhaolagáin. Tá Dioplóma Gairmiúil san Oideachas agus MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge aici. Tá Siobhán athcheaptha don dara bliain in Ollscoil Concordia, Montréal.

Is Corcaíoch í Cáit Ní Shiúrtáin agus is múinteoir bunscoile í freisin. Bhain sí MA amach in 2011 I dTeagasc na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá Cáit á ceapadh arís don dara bliain in Ollscoil Ottawa.

******************************************************

9 North Americans Presented with Awards to Study Irish in Galway

Tuesday 19 July 2016: Seven U.S. and two Canadian Irish language learners were presented with Awards at Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in An Cheathrú Rua in the Connemara Gaeltacht yesterday.

In total, 62 US Citizens and 18 Canadians will be welcomed to the Gaeltacht through these Awards in 2016. A result of ongoing collaboration between the Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs, the Ireland-United States [Fulbright] Commission for Educational Exchange, and ICUF, and in partnership with institutions in both the U.S and Canada, the Awards reflect the deep interest in the Irish language in North America where, every year, many Irish language learners choose to attend courses at the National University of Ireland – Galway, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge and other venues.

Four Irish Language Instructors were also presented with Awards to teach Irish in Canada in 2016-2017 through the ICUF Irish Language Instructors Awards, seven Instructors will take up these Awards in total. Similarly, nine Irish Language Teachers will go to the U.S. this autumn through the Fulbright Foreign Language Teaching Assistantship (FLTA) Awards.

The Minister of State for Gaeltacht Affairs & Natural Resources, Seán Kyne T.D. said “Congratulations to all of the Awardees and their teachers in North America for their efforts in the promotion and preservation of the Irish language. We hope that your love of Irish continues to grow during your time here and that you will continue to nurture the language when you return home.”

Speaking about the awards, U.S. Ambassador to Ireland Kevin O’Malley said “These awards support Irish language learners and teachers in the U.S, and offer exceptional immersion experiences in Irish language learning, as well as traditional Irish music and story‑telling, in some of Ireland’s most idyllic locations. It is wonderful to see Awardees from so many States. I am certain that they will benefit enormously from their Award and go on to share their experiences with many others at home.”

Executive Director of the Ireland – United States [Fulbright] Commission for Educational Exchange, Dr Dara FitzGerald said “This year we welcome 62 US citizens from Vermont, Connecticut, New York, New Jersey, Washington D.C., Michigan, Wisconsin, California, Dallas, Missouri and North Carolina. These Awardees come from diverse walks of life – some are students of Celtic Studies, others are teachers, actors, poets and writers. While some have Irish heritage, others, following a growing trend, have simply taken an interest in Irish as foreign language. They will attend Gaeltacht courses in Oideas Gael in Donegal, FEICIM on Inis Oírr, NUI Galway International Summer School, An Cheathrú Rua, Cólaiste na Rinne, Waterford, and Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry. Tá an-áthas orainn faoin rath atá ar an gclár seo.”

Chief Executive Officer of ICUF, James Kelly said “Ireland and Canada enjoy a rich shared culture and heritage, with a remarkable 4.5 million Canadians tracing their ancestry back to Ireland. This year, we are delighted to welcome the University of Prince Edward Island as a partner university in Canada, bringing to seven the number of Irish Language instructors who will bring the Irish language and culture to universities and communities across Canada in the coming academic year. We have also awarded 18 scholarships to Canadian students to attend intensive Irish language courses here in the Gaeltacht. For Irish and Canadian scholars alike, this is a most exciting and formative experience, as this programme enables a new generation to explore and contribute to a deeper understanding of the connection between our two countries.

The application period for the 2017 Summer Gaeltacht Awards will open in January 2017, if you are interested in applying please check https://www.fulbright.ie/gaeltacht-summer-award – exact application dates will be confirmed in the coming months.

Notes to Editor:
The Gaeltacht Summer Awards are not Fulbright Awards but a separate initiative of the Ireland-United States (Fulbright) Commission for Educational Exchange. They are supported by the Irish Government’s Department of Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs and the Irish National Lottery.

Photography: Seán Ó Mainnín Photography

Media queries:
Press and Information Office
Tel: 087 737 4427 / (01) 631 3807 / 3838 / 3848 (direct)
E-Mail: press.office@ahg.gov.ie
Web site: www.ahg.gov.ie
Twitter: @DeptAHG

IRELAND-UNITED STATES [FULBRIGHT] COMMISSION FOR EDUCATIONAL EXCHANGE

Gaeltacht Summer Awardees 2016

Kevin Corcoran is an undergraduate student of History, Education and Irish Studies at Elms College in Massachusetts. He will take the Irish language course with NUI Galway’s International Summer School in An Cheathrú Rua for his Gaeltacht Summer Award.

Matthew Doyle is an undergraduate student at the School of General Studies at Columbia University in the City of New York and has studied Irish at New York University at the Glucksman Ireland House. He is majoring in Political Science with a concentration in American Politics and plans to attend law school after graduation. He will take the Irish language course with NUI Galway’s International Summer School in An Cheathrú Rua for his Gaeltacht Summer Award.

Brennan Fahselt is a student at the University of California, Berkeley studying Civil Engineering with a minor in Celtic Studies. He will complete his Gaeltacht Summer Award at the NUI Galway International Summer School in An Cheathrú Rua.

Brendan Murphy is an undergraduate at Manhattan College in New York City, studying Government and Literature. For his Gaeltacht Summer Award he will take an Irish language course at Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUIG in Carraroe.

Renata Rua is a community language teacher, language activist, and assistant director for the Irish Center of Kansas City, MISSOURI.  She has a B.A. in Celtic Studies from the University of California, Berkeley and an M.Phil in Sean-Ghaeilge from University College Dublin. She will take an Irish language course at the NUI Galway International Summer School, An Cheathrú Rua for her Gaeltacht Summer Award.

Davis Sandefur is a graduate of the University of Notre Dame, where he majored in physics and minored in Irish Language and Literature. In the coming academic year, he will be studying Nua-Ghaeilge (Modern Irish) at the National University of Ireland as a Fulbright Student awardee. He will complete his Gaeltacht Summer Award at Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Carraroe.

Rosemary Weston PhD, Assistant Dean and Department Head of World Languages at Eastern Michigan University is developing, in partnership with the Detroit Irish Music Association, the only university Irish language program in the state of Michigan. She will take up her Gaeltacht Award at the National University of Ireland in An Cheathrú Rua, Co.Galway.

For full information on Gaeltacht visit https://www.fulbright.ie/gaeltacht-summer-awardees

IRELAND CANADA UNIVERSITY FOUNDATION AWARDEES

Canadian Scholars 2016

Rachel Hoffman studies Anthropology and Canadian Irish Studies at Concordia University in Montreal, Quebec. She is also a filmmaker exploring the historical roots that link an Irish-speaking past with a present-day Quebec.  This is Rachel’s second time to attend a course in the Acadamh.

Terry McBride is from Saskatoon, Saskatchewan and is a financial planner. For three years, Terry has been attending Irish language classes provided through the Claddagh Branch of Comhaltas in Saskatoon. His grandparents from Donegal emigrated to Canada about 100 years ago.

Irish Language Instructors awarded to teach Irish in Canada 2016-2017

John Prendergast is from Tralee, Co. Kerry, and has just returned from a year in the University of Cardiff in Wales, where he completed an MA in Welsh and Celtic Studies, and taught the Irish Language. John will be the ICUF Teagascóir Gaeilge in St. Mary’s University Halifax.

Ian Mac Gabhann received a BA degree in Media Studies, Nua-Ghaeilge and Music from Maynooth University, and a MA in Communications through Irish from NUIG. Ian will be the ICUF Teagascóir Gaeilge in St. Thomas University, New Brunswick.

Éilis Nic Aodhagáin, from Athboy, Co. Meath, has a BA International in Spanish and Irish and an MA in Modern Irish, both from UCD.  She has taught Irish in Gaelchultúr, UCD and in the University of Montana, and will be the ICUF Teagascóir Gaeilge in the University of Toronto.

Eoin Mac Gearailt is from Coirce Dhuibhne region of Kerry. He graduated in 2012 with a BA from Mary Immaculate College and recently completed an MA in Oideachas Lán-Ghaeilge in Mary Immaculate College. Eoin will be the ICUF Teagascóir Gaeilge in Memorial University, Newfoundland.

The following are travelling to Canada, but are unable to attend the ceremony:

Eoin Ó Beaglaoich is a from the Coirce Dhuibhne region of Kerry, and has been working as an Irish Language teacher since 2008, with Maynooth University for the past five years.  Eoin will be the ICUF’s first Teagascóir Gaeilge appointed to the University of Prince Edward Island.

Siobhán Ní Mhaolagáin is from Dublin and has a Profession Diploma in Education and a MA in Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. Siobhán is being reappointed for a second year to Concordia University, Montreal.

Cáit Ní Shiúrtáin is from Cork and is a primary school teacher. Cáit qualified with an M.A. in Irish Language Teaching from NUI Galway in 2011. Cáit is being reappointed for a second year to the University of Ottawa.

Skip to content